歌词
@migu music@
Ó éirigí suas a thogha na bhfear
Is cuirigí píce ar bharr gach cléith
Leagaigí síos iad lucht an droch chroí
Agus cuirigí dlí na fraince ar bun
Agus ó bhean an tí cén bhuairt sin ort
Ó bhean an tí fá dhó nó trí
Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
Agus ó bhean an tí cén bhuairt sin ort
Tá jug ar an bhord is tá beoir ag teacht
Tá arm go leor ag an duke of york
Tá an francach is an spáinneach ar bhruach na trá
Agus b'fhearr liom go mór é ná cómhra ban
Agus ó bhean an tí cén bhuairt sin ort
Ó bhean an tí fá dhó nó trí
Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
Agus ó bhean an tí cén bhuairt sin ort
Da da da da da da da da da
Mo chreach is mo chrá nuair a bhí mé beag
In aois mo dhá bhliain sular smaoinigh mé ar olc
Nach ndeachaigh mé ar bord nó in arm an Rí
Sular chaith mé mo shaol ag dul timpeall ort
Agus ó bhean an tí cén bhuairt sin ort
Ó bhean an tí fá dhó nó trí
Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
Agus ó bhean an tí cén bhuairt sin ort
Go mbristear mo dhroim faoin ualach seo
Ma thigim arís ag cur buartha ort
Is a mhéad bean óg as seo go hAbhainn Mhór
A shiúlfadh an ród is a d'ólfadh deoch
Agus ó bhean an tí cén bhuairt sin ort
Ó bhean an tí fá dhó nó trí
Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
Ó bhean an tí fá dhó nó trí
Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
Agus ó bhean an tí cén bhuairt sin ort
Da da da da da da da da da
展开