歌词
歌曲名 Brid Og Ni Mhaille
歌手名 The Corrs
作词:Fiachra French/trad Arr
作曲:Fiachra French/trad Arr
Is a Bhríd óg Ní Mháille 'S tú d'fhág mo chroí cráite
'S chuir tú arraingeacha An bháis fríd cheartlár mo chroí
Tá na céadta fear i ngrá Le d'éadan ciúin náireach
Is go dtug tú barr breáchtacht' Ar Thír Oirghiall más fíor
Níl ní ar bith is áille Ná'n ghealach os cionn a' tsáile r
Ná bláth bán na n-airne Bíos ag fás ar an draighean
ó siúd mar bíos mo ghrá-sa Níos trilsí le breáchtacht
Béilín meala na háilleacht' Nach ndearna riamh claon
Is buachaill deas óg mé 'Tá triall chun mo phósta
'S ní buan i bhfad beo mé Mura bhfaighidh mé mo mhian
A chuisle is a stóirín
Déan réidh agus bí romhamsa
Cionn deireanach den Domhnach
Ar Bhóithrín Dhroim Sliabh
Is tuirseach 's brónach
A chaithimse an Domhnach
Mo hata 'mo dhorn liom
'S mé ag osnaíl go trom
'S mé ag amharc ar na bóithre
'Mbíonn mo ghrá-sa ag gabhail ann
'S í ag fear eile pósta Is gan í bheith liom
'S í ag fear eile pósta Is gan í bheith liom
展开